
Pádraig Ó Catháin anseo ag tabhairt cuireadh daoibh éisteacht le: Snámhraic na Gaeilge i bhfarraige an Bhéarla.

Seo scéal faoi shraith chláracha nua maoinithe do Raidio Phobal Clár Chlainne Mhuiris faoi scéim Fuaim agus Fís de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann ón gCeadúnas Teilifíse.
Seo naoi gcláracha faoi na focail a mhair anseo i gceanntar Chlár Chlainne Mhuiris ón nGaeilge labhartha áitiúil isteach sa bhéarla a labhraimid.

Éist le painéal áitiúil ag plé na bhfocal. [Mary Hambly, Robert Cosgrove, Sean Ó Conghaile, Bríd Heneghan, Máirtín Ó Maicín agus Colman Ó Raghallaigh].
Tagann ceol na sraithe ó Cillian Gallagher agus Éadaoin Ní Mhaicín, tallainn chumasacha áitiúla.

Tá tobar na bhfocal seo á ídiú i gcónaí. Tagarmharcáil is ea an tsraith seo a rinneadhn le cabhair stairiúil daltaí Choláiste Cholmáin agus le cabhair ghníomhach daltaí Ghaelscoil Uileog de Búrca.
Bígí ag éisteacht. Tosaíonn an tsraith ar an gCéadaoin an 18ú lá Meán Fómhair ag a 7.00 i.n. agus ag an am céanna gach seachtain ina dhiaidh sin, ar feadh naoi seachtainí.
Sin, Snámhraic na Gaeilge i bhfarraige an Bhéarla.
